Do phríobháideacht

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín seo ag Roinn Sláinte agus Leanaí na hÉireann.

Tá ár bpolasaí leagtha amach anseo maidir le príobháideacht úsáideoirí na n-áiseanna eolais ar an suíomh idirlín.

Ní gnáth dúinn eolas pearsanta fút a bhailiú nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh.

Eolas gur féidir duine a ainmniú atá i gceist againn sa cháipéis seo le heolas pearsanta ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine mar shampla.

I gcásanna áirid ar an suíomh nuair is mian leat féin tuilleadh eolais a fháil teastaíonn eolas pearsanta fút le go mbeidh muid in ann freagra a thabhairt duit. Nuair nach bhfuil ach brabhsáil ghinearálta ar an suíomh i gceist ní bhíonn aon eolas pearsanta fút tugtha dúinn. Cuireann ár soláthraí seirbhíse idirlín cuid den eolas maidir le húsáid an idirlín ar fáil dúinn agus déanann an tsoláthraí sin cuid den eolas seo a leanas a thaifead. Braitheann sé céard a dhéanann tusa ar an suíomh cén t-eolas a chuirtear ar fáil dúinn.

Baintear úsáid as an eolas seo le deis a thabhairt dúinn feabhas a chur ar an eolas atá á sholáthar againn dár n-úsáideoirí, le fáil amach cé mhéid daoine a thugann cuairt ar ár suímh agus ar chúiseanna staidrimh. Baintear úsáid as cuid den eolas thuas le staidrimh achoimre a chruthú a thugann deis dúinn measúnú a dhéanamh ar an méid daoine a thugann cuairt ar na rannóga éagsúla den suíomh, fáil amach cén t-eolas is mó agus is lú a bhaintear úsáid as, le muid a chur ar an eolas maidir le dearadh agus leagan amach an tsuímh sa todhchaí agus le cúnamh a thabhairt dúinn an suíomh a dhéanamh níos éasca le n-úsáid.

Má bhíonn naisc ag ár suímh le suímh eile ní ghlacann an Roinn Sláinte agus Leanaí aon fhreagracht as an ábhar ar na suímh eile sin, as cóipcheart nó as a bpolasaithe príobháideachta.

Fianáin

Píosa eolais é fianán gur féidir le suíomh idirlín a sheoladh chuig do bhrabhsálaí nuair a lorgaíonn tú eolas ón suíomh sin.

Cé go bhféadfadh sé go bhfuil fianáin in úsáid ag an suíomh seo, ní bhainfear úsáid astu le sonraí rúnda a stóráil nó ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh tú a aithint.

Sonraí pearsanta:

D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort do sheoladh ríomh-phoist a thabhairt dúinn má lorgaíonn tú tuilleadh eolais. Beidh sé seo coinnithe ar thaifead sa chás amháin go gcuireann tusa teachtaireacht chugainn. Bainfear úsáid as don úsáid amháin a sholáthar tú é agus ní chuirfear é ar aon liosta poist.